Deir na Gardaí go raibh laghdú suntsasach an an méid coireanna a taifeadadh i mí an Mhárta agus mí Aibreáin i mbliana mar gheall ar an ráig den choróinvíreas. 

Bhí laghdú 50.2% ar choireanna maoine, cosúil le ropaireacht tí, i gcomparáid leis an dá mhí chéanna anuraidh de bharr gnólachtaí a bheith dúnta agus daoine a bheith sa bhaile. 

Bhí laghdú 27.4% ar choireanna in aghaidh an duine agus ar dhamáiste coiriúil freisin mar gheall go raibh tithe tábhairne dúnta, a deir na Gardaí.  

Mar sin féin, tháinig ardú ar an an bhforéigean baile agus ar choireanna caimiléireachta ar líne. 

Ardú 25% a bhí ar eachtraí drochíde sa teaghlach.