Fógraíodh tráthnóna gur bhásaigh ochtar eile leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil deich gcás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,658 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an ráig agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,072 duine.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur idir 24 agus 55 bliain d'aois a bhí 54% de na daoine a cailleadh le seachtain.

62-63 bliain is ea aois airmheánach na ndaoine in aonaid dianchúraim. 84 is ea aois airmheánach na ndaoine ar fad a bhásaigh go dtí seo, a dúirt sé. 

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuil beirt eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil ceithre chás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 526 duine básaithe leis an ngalar ó thuaidh agus go bhfuil 4,732 cás deimhnithe ann.