Maraíodh fear os cionn trí scór bliain i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo ar maidin.

Tuigtear gur imigh carr an fhir den bhóthar i mBéal an Átha ag thart ar 10.30. 

Deir na Gardaí nach raibh baint ag aon fheithicil eile leis an timpiste. 

Tugadh corp an fhir go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo, mar a bhfuil scrúdú iarbháis le déanamh air.