Tá corp buachalla cúig bliana d'aois a bhí ar iarraidh i dTuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo, faighte ag na seirbhísí éigeandála i Loch Measca. 

Tuigtear gur thit Ben Duffy de bháidín a d'imigh le sruth ó bhruach an locha tráthnóna inné agus gur báthadh é. 

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar 6.30 inné nuair a tugadh an báidín faoi deara ar an loch.

Chuir na Gardaí agus an Garda Cósta tús le cuardach ar an mbuachaillín agus lean siad orthu go ndeachaigh an ghrian faoi aréir. 

Chuaigh siad i mbun cuardaigh arís le breacadh an lae ar maidin agus tháinig siad ar a chorp san uisce ceithre chiliméadar ó dheas de Thuar Mhic Éadaigh ag 8 a chlog.