Beidh cruinniú ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump leis an Ard-Aighne William Barr chun na léirsithe foréigneacha i gcathracha ar fud na tíre a phlé.
Sháraigh na mílte duine arís aréir an cuirfiú a bhí curtha i bhfeidhm i gcathracha idir Nua-Eabhrac agus Los Angeles agus iad ag léirsiú faoi bhás George Floyd, fear den chine dhubh a bhásaigh tar éis do na póilíní é a ghabháil i stát Minneapolis seachtain ó shin.
Tharla tuilleadh caismirtí aréir idir léirsitheoirí agus póilíní taobh amuigh den Teach Bán i Washington, chomh maith le Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago, Portland, Oregon, Los Angeles agus cathracha eile.
Tá an póilín den chine geal a bhfuil sé curtha ina leith gur mharaigh sé George Floyd le teacht os comhair cúirte níos deireanaí inniu.
Tá dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain den dara grád, de réir dlí Mheiriceá, curtha i leith Derek Chauvin.