Tá comhaltaí de Gharda Náisiúnta Mheiriceá curtha ar dualgas i Minneapolis, áit a raibh círéibeacha don tríú hoíche as a chéile mar gheall ar chás George Floyd, fear ón gcine dubh a bhásaigh tar éis do na póilíní ansin é a ghabháil Dé Luain seo caite.

Bhásaigh George Floyd nuair a d'fheac póilín a ghlúin anuas ar a mhuineál ar an tsráid. 

I dtvuít a chuir sé amach aréir, dúirt an tUachtarán Donald Trump go bhféadfadh sé saighdiúirí a chur go Minneapolis agus go bhféadfaidís daoine a bhí i mbun creachadóireachta a chaitheamh. 

Tá sé tugtha le fios ag Twitter go sáraíonn an tvuít a gcuid rialacha ar an mbonn gur ag cothú foréigin atá sé.

Dúirt an comhlacht ina dhiaidh sin féin nach mbainfear anuas é mar gur le leas an phobail é é a fhágáil ann.