Tá sé molta ag Cumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, gur chóir dá mbaill dul ag obair ar an gcóras marcála atá beartaithe don Ardteistiméireacht i mbliana.

Tá scrúdaithe na hArdteistiméireachta curtha ar ceal de bharr Covid 19. Faoin gcóras marcála a bheas i bhfeidhm ina n-áit, iarrtar ar mhúinteoirí an marc a cheapann siad a gheobhadh scoláirí sna scrúduithe a thabhairt dóibh.

Léirigh an ASTI imní aréir go bhféadfadh daltaí cásanna dlí a thógáil i gcoinne múinteoirí mura raibh siad sásta le marcanna faoin gcóras seo. Dúirt an ASTI nach raibh siad iomlán sásta leis an tslánaíocht a tugadh do mhúinteoirí faoi na treoirlínte, agus go mbéidís ag moladh dá mbaill gan baint a bheith acu leis an gcóras marcála go dtí go mbeadh a ndlíodóirí féin sásta leis an bhfoclaíocht. Bhí said ag lorg tuilleadh soiléiriú faoi tslí a ndéanfaí na costais dlí a íoc, dá mbeadh cás ina gcoinne.

Inniu, tar éis cainteanna leis an Roinn Oideachais, d'fhógair an ASTI go raibh siad sásta leis an tslánaíocht.

Dúirt an ASTI go raibh siad sásta go nglacfadh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit leis an gcúram i gcás imeachtaí dlí. Agus nach dtitfeadh an costas riamh ar mhúinteoir dá mbeadh cás ina choinne.