Tá Cumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ag lorg soiléiriú agus deimhniú go mbeidh cosaint iomlán ag múinteoirí i gcoinne cásanna dlí faoin gcóras marcála atá beartaithe don Ardteistiméireacht i mbliana. Deir siad go bhfuil siad muinineach go dtiocfar ar réiteach faoi cheist na slánaíochta.

Tá sé molta ag an ASTI dá mbaill gan baint a bheith acu leis an gcóras go dtí go dtabharfar an soiléiriú seo. Deir siad go gcaithfidh an socrú a bheith sásúil dá ndlíodóirí féin. Dúirt Ard-Rúnaí an ASTI, Kieran Christie, ar maidin nár chóir do mhúinteoirí aon obair a dhéanamh ar mharcanna réamhmheasta go dtí go réiteofar an cheist.

Leanfar de chainteanna inniu sa Roinn Oideachais féachaint le teacht as an tsáinn.

Faoin gcóras marcála a bheas i bhfeidhm i mbliana, iarrtar ar na múinteoirí an marc a cheapann siad a gheobhadh scoláirí sna scrúduithe a thabhairt dóibh. Deirtear sna treoirlínte nach n-áireofar ach obair a chríochnaigh scoláirí roimh 12 Márta agus measúnú ar mharcanna á dhéanamh ag múinteoirí.