Tá buíochas ó chroí gafa ag bundúchasaigh i Meiriceá Thuaidh le muntir na hÉireann a dheonaigh suimeanna móra airgid chun cabhrú le dhá threibh atá buailte go dona ag an choróinvíreas.

Tá os cionn $1.5 milliún bailithe ag feachtas GoFundMe a bunaíodh chun cuidiú le teaghlaigh Navachócha agus Hóipeacha atá ag fulaingt faoi láthair.

Meastar go bhfuil breis agus 70 duine ón náisiún Navachóch in Utah, Nua-Mheicsiceo agus Arizona básaithe leis an choróinvíreas.

Níl uisce reatha ag an tríú chuid den náisiún Navachóch agus tá triomach tar éis an ghéarchéim ina measc a ghéarú tuilleadh.

Le trí lá anuas, tá go leor airgid tugtha ag daoine sa tír seo don fheachtas faoisimh i gcomaoin an chúnaimh a thug an naisiún Seactách do mhuintir na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir sa bhliain 1847.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, ghabh Waylon White Deer a bhuíochas leis na Gaeil bhronntacha thar ceann na Seactách.  Bhí Waylon ina chónaí ar feadh tamaill i nGaoth Dobhair.

Waylon White Deer

Dúirt an Navachóch Cassandra Begay linn gur shíl sí ar dtús go raibh seilbh glactha ag haiceálaithe ar an gcuntas bailithe airgid nuair a tháinig rabharta tráchta trasna an Atlantaigh.

Bainfear leas as an airgead, a dúirt sí, le fóirithint ar dhaoine leochaileacha agus ar theaghlaigh atá gann ar bhia, uisce agus earraí sláinte, agus atá fágtha dealúsach de bharr éigeandáil an choróinvíris.