skip to main content

"Ceann feadhain grúpa coirpeach é" tiománaí leoraí

Rónán Hughes
Rónán Hughes

San Ard-Chúirt, maíodh gur ceann feadhain grúpa coirpeach é tiománaí leoraí as Co Mhuineacháin atá cúisithe ag na húdaráis sa Bhreatain faoi bhás 39 duine a bhfuarthas a gcoirp i leoraí anuraidh. 

Tá dúnorgain agus gáinneáil daoine curtha i leith Rónáin Hughes, 40 bliain d'aois, as Tigh Thaláin, Coill Uí Néill. 

Ghabh na Gardaí i Muineachán é an tseachtain seo caite. 

Baineann an cás le bás 39 imirceach as Vítneam a bhfuarthas a gcoirp sa leoraí in eastát tionsclaíochta in Essex i mí Dheireadh Fómhair seo caite. 

Tá iarratas ar bhannaí á dhéanamh ag Rónán Hughes ach tá an Stát ag cur ina aghaidh ar an mbonn go bhféadfadh sé teitheadh. 

Déanfaidh an Ard-Chúirt rialú ar an iarratas ar maidin amárach.