Tá sé ráite ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha go bhfuil sé an-éadóchasach go mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mbliana mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an ghalar Covid-19.

Bhí Oireachtas na Samhna le bheith ina chuid de chlár na féile cultúir Gaillimh 2020, ach dúirt Liam Ó Maoladha le Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna go bhfuil sé éadóchasach go mbeifear in ann an fhéile a eagrú roimh an Nollaig: 

"Nuair a thosaigh an ghéarchéim seo, cheap muid go mb'fhéidir go mbeadh cúrsaí slán go maith faoi mhí Dheireadh Fómhair, ach tá sin an-éiginnte faoi láthair."

D'fhógair an Rialtas arú inné nach bhfuil cead aon imeachtaí a mbeadh níos mó ná 5,000 acu a reáchtáil as seo go tús Mheán Fómhair ar a luaithe.

Dúirt Liam Ó Maolaodha linn go bhfuil coiste an Oireachtais ag fanacht le treoracha nua ón Rialtas ar 5 Bealtaine sula ndéanfaidh siad cinneadh faoina bhfuil i ndán d'fhéile na bliana seo: 

"Nuair a fheiceann muid imeachtaí móra - féilte samhraidh, cluichí agus an comórtas treabhadóireachta á gcur ar ceal - tá muid an-éadóchasach go bhféadfaí Oireachtas na Gaeilge a eagrú."

Dúirt sé go gcaithfeadh foireann an Oireachtais a bheith tosaithe ar eagrú na n-ócáidí éagsúla faoi mhí Lúnasa: 

"Is ar éigean Dé a bheidh cead ag óstáin agus tithe tábhairne a bheith oscailte faoin tráth sin. Chaithfeadh cinneadh a bheith déanta ag an Oireachtas ar an gcéad lá de Lúnasa ar a dhéanaí."

Tá an scéal á phlé ag lucht an Oireachtais lena bpríomh-mhaoinitheoirí Foras na Gaeilge. Tá treoir tugtha ag an Fhoras dóibh cloí leis na srianta agus na treoirlínte atá leagtha síos ag an Rialtas.

Máire Ní Choilm as Gaoth Dobhair, buaiteoir Chorn Uí Riada 2019, agus Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Murar féidir an tOireachtas a reáchtáil i nGaillimh i mbliana, dúirt Liam Ó Maoladha go bhféadfadh sé go ndéanfaí cinneadh amach anseo é a eagrú sa chathair san Earrach seo chugainn, sin nó "é a ligean le sruth go hiomlán."

Níor cuireadh an tOireachtas ar ceal ó rinneadh athbheochan air sa bhliain 1937. 

Tá sé 27 bliain ó bhí Oireachtas na Samhna ar siúl i nGaillimh agus bhí feachtas ar bun le blianta beaga an fhéile a thabhairt ar ais ann.

Ráite go bhfuil méadú mór ar an líon daoine a bhíonn ag tarraingt ar an fhéile cúig lá, socraíodh í a thionól i gcathair na Gaillimhe seachas i mbaile Gaeltachta le go mbeadh fáil ar ionaid mhóra.

Sula ndéanfar aon chinneadh, a dúirt Liam Ó Maoladha, caithfear labhairt le Comhairle Chathair na Gaillimhe a thug cuireadh dóibh a bheith sa chathair mar chuid de chlár imeachtaí Ghaillimh 2020.

Maidir leis an fhéile a eagrú i nGaillimh an bhliain seo chugainn, seachas i gCill Airne mar atá beartaithe faoi láthair, dúirt an Maoladhach gur cinneadh é sin nach féidir a dhéanamh go fóill.

Bheadh súil ag an Oireachtas leanstan leis na Comórtais Liteartha agus b'fhéidir le Comórtas na nGradam Cumarsáide ach gan ócáidí bronnta a bheith ann.

Tá imeachtaí an Oireachtais le bheith ar siúl i gceithre ionad éagsúla ar a laghad i mBóthar na Trá idir 23 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain. 

Meastar gur fiú suas le €7.5 milliún féile an Oireachtais don bhaile ina mbíonn sé.

Bíonn tarraingt ag suas le 10,000 air - idir Scléip na hÓige, imeachtaí na gcoláistí triú leibhéal, na comórtais Steip, na mórchomórtais sean-nóis agus imeachtaí eile.