Tá beart fóirthinte de luach €500b fógartha ag an Aontas Eorpach le dul i ngleic leis an gcreimeadh ar gheilleagair na mballstát de bharr na ráige Choróinvíris. Aontaíodh an beart ag cruinniú idir airí airgeadais na mballstát sa Bhruiséal aréir.


Ag labhairt dó le RTÉ ar maidin, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe go gcabhróidh an beart fóirthinte íoc as an scéim fóirdheontais tuarastail atá ag teacht i gcabhair na céadta mílte teaghlach sa tír - daoine a bhfuil a bpostanna caillte go sealadach acu de bharr Covid 19. 

Dúirt an tAire go bhfuil sé féin agus an rialtas diongbháilte gur féidir ath-thógáil a dhéanamh ar an ngeilleagar ach go bhfuil aistear fada os ár gcomhair. 

Banc Ceannais na hEorpa - Frankfurt na Gearmáine


Dúirt sé go bhfuil trí ghné bainteach leis an mbeart a aontaíodh aréir:

- cúnamh iasachtaí a chur ar fáil do thíortha ina bhfuil géarchéim sláinte le dul i ngleic le Covid 19

- beart do ghnólachtaí le leas a bhaint as iasachtaí ag rátaí úis ísle ó Bhanc Infheistíochta na hEorpa 

- beart le cinntiú gur féidir le comhlachtaí fóirdheontais tuarsatail a gcuid oibrithe a íoc