Dheimhnigh na húdaráis sláinte tráthnóna go bhfuil 28 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát le ceithre huaire fichead.

Fágann sé go bhfuil 263 duine ar fad básaithe le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann.

Deimhníodh tráthnóna freisin go bhfuil 500 cás nua den ghalar ann ó inné. Seo an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó thosaigh an ráig den choróinvíreas in Éirinn sé seachtaine ó shin.

Tá an coróinvíreas tolgtha ag 6,574 duine sa Phoblacht anois. 

Thug Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan le fios gur san oirthear a bhí 22 den 28 duine is deireanaí a cailleadh, san iarthuaisceart a bhí beirt, bhí beirt sa deisceart agus beirt san iarthar. 

Mná ab ea cúig dhuine dhéag acu agus fir a bhí i dtrí dhuine dhéag acu. Daoine a bhí trochailte cheana féin ab ea naoi nduine dhéag acu. 

Is é 84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh ó inné. 

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, atá i gceannas cúrsaí samhaltaithe ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, go bhfuil sé fós mar aidhm an meánmhéid daoine a d'fhéadfadh an víreas a tholgadh ó dhuine eile a laghdú go dtí faoi bhun a haon. 

An tOllamh Philip Nolan

Níos túisce, fógraíodh gur éag ceathrar eile le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné agus go bhfuil 138 cás nua ann. 82 duine atá básaithe dá bharr ó thuaidh anois. 

Fágann sin go bhfuil 345 duine básaithe leis an donacht sa tír ar fad.