Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go bhfuil sé ag glacadh leis go molfaidh saineolaithe sláinte dó amárach go leanfaí go ceann roinnt seachtainí eile de na srianta atá i bhfeidhm sa tír féachaint le forleathadh an choróinvíris a chosc. 

Dúirt an tAire Harris go gcaithfear iarrachtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin dul i ngleic leis an ngéarchéim ar bhealach eile.

Dúirt sé go dtiocfaidh an lá go gcaithfimid glacadh leis an gcoróinvíreas inár measc. 

Ar an drochuair, a dúirt sé, buailfear tinn daoine agus gheobhaidh daoine bás dá bharr ach beidh sé d'acmhainn ag an gcóras sláinte faoin am sin cúrsaí a bhainistiú agus a choinneáil faoi smacht. 

Ceithre seachtaine is an lá inniu a thug an Rialtas srianta isteach ar dtús. 

Dúirt an Institiúid Eacnamaíochta agus Taighde Sóisialta go gcosnóidh na híocaíochtaí speisialta dífhostaíochta atá tugtha isteach beagnach €5 billiún ar an Rialtas in imeacht ráithe.

Mhaígh Príomh-Aire na hIodáile Giuseppe Conti go bhféadfadh an tAontas Eorpach mura dtugtar cúnamh do na ballstáit is mó atá buailte ag géarchéim an choróinvíris. 

Tá an Iodáil ag iarraidh ar na ballstáit ar fad fiacha a roinnt ach tá an Ghearmáin agus an Ísiltír ag cur ina aghaidh seo.

Agus tá foláireamh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála go bhféadfadh laghdú suas leis an tríú cuid teacht ar bhorradh trádála ar fud na cruinne i mbliana má théann cúrsaí in olcas.