Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil 25 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné. 

Fágann sé go bhfuil 235 duine ar fad básaithe le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann.

Dearbhaíodh tráthnóna freisin go bhfuil 365 cás nua den ghalar ann ó inné. Seo an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó thosaigh an ráig den choróinvíreas in Éirinn sé seachtaine ó shin.

Tá an coróinvíreas tolgtha ag 6,074 duine sa Phoblacht anois. 

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur san oirthear a bhí trí dhuine dhéag den 25 is deireanaí a cailleadh, san iarthuaisceart a bhí ochtar, bhí beirt sa deisceart agus beirt san iarthar. 

Fir ab ea cúig dhuine dhéag acu agus mná ab ea deichniúr acu. Daoine a bhí trochailte cheana féin ab ea ocht nduine dhéag acu. 

Is é 80 bliain aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh.

Tugadh eolas breise inniu freisin faoi na cásanna den choróinvíreas a bhí deimhnithe suas go dtí oíche Dé Luain seo caite.

Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 3,268. Sin 55% den líon iomlán.

Ina dhiaidh sin, tá 431 cás i gCorcaigh. Sin 7% den líon iomlán.

Tugadh 1,472 duine chun an ospidéil, nó 25% de na cásanna ar fad.

Cuireadh 224 acu san aonad dianchúraim, daoine a cailleadh agus daoine ar tháinig feabhas orthu ó shin ina measc. D'éag 27 díobh agus tá 53 tar éis scinneadh ón mbreoiteacht. 

Tá baint ag 1,568 cás le hoibrithe cúraim sláinte.

Níos túisce, fógraíodh gur éag cúigear eile le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné agus go bhfuil 84 cás nua ann. 78 duine atá básaithe dá bharr ó thuaidh anois agus 1,339 cás atá deimhnithe ann.

Fágann sin go bhfuil 313 duine básaithe leis an donacht sa tír ar fad agus go bhfuil an víreas tolgtha ag 7,413 duine.