I gcúirt an Old Bailey i Londain, phléadáil tiomanaí leoraí ón Tuaisceart ciontach i ndúnorgain 39 duine de bhunadh Vítneam a bhfuarthas a gcoirp i leantóir leoraí in Essex i mí Dheireadh Fómhair seo caite. 

Tá Maurice Robinson, 25 bliain d'aois, as Craigavon i gCo Ard Mhacha cúisithe i ndúnorgain agus i smuigleáil daoine i measc coireanna eile. 

Creidtear gur tugadh na hinmircigh go dtí calafort Zeebrugge sa Bheilg agus iad fós ina mbeatha, sular tugadh as sin go dtí an Bhreatain iad.

Fuarthas a gcoirp nuair a osclaíodh an leantóir in eastát tionsclaíochta i mbaile Grays in Essex. 

Bhí idir fhir agus mhná i measc na marbh, chomh maith le roinnt déagóirí.