Fógraíodh tráthnóna go bhfuil cúigear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Tuaisceart ó inné agus go bhfuil 84 cás nua ann. 78 duine atá básaithe dá bharr ó thuaidh anois agus 1,339 cás ar fad atá deimhnithe ann.

Tá tástáil don ghalar déanta ar 9,564 duine ó thuaidh.  

Fógraíodh freisin gur bhásaigh 828 i Sasana ó inné. Fágann sin gur 6,483 duine ar fad atá básaithe leis an gcoróinvíreas ansin. Dúradh nach raibh aon tinneas eile ag dul do 46 duine den 828. 

In Albain, tá 70 duine eile tar éis bháis ó inné agus tá 366 cás nua ann. Tá 366 duine básaithe le Covid-19 in Albain agus tá sé tolgtha ag 4,565 duine ann. 

Bhásaigh 33 duine eile sa Bhreatain Bheag ó inné agus tá 284 cás nua ann. 245 duine atá básaithe dá bharr sa tír sin anois agus 4,073 cás atá deimhnithe ann.