Tá laghdú os cionn 7.5% ar an méid leictreachais atá á chaitheamh sa tír seo ó thosaigh an ráig den choróinvíreas sé seachtaine ó shin.

Dúirt an comhlacht tarchuradóireachta leictreachais EirGrid go bhfuil laghdú ag teacht gach seachtain i roinnt mhaith áiteanna ar fud na tíre ar an méid leictreachais atá á chaitheamh ag comhlachtaí go háirithe.

Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil Barry Cowen, atá páirteach san idirbheartaíocht thar ceann an pháirtí sin faoi bhunú rialtais, go bhféadfadh sé seo cur as go mór d'fhostaíocht na ndaoine atá ag obair i mBord Soláthar an Leictreachais agus i mBord na Móna.