Tá 86 ionad altranais anois a bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag triúr nó níos mó iontu. Sin os cionn a dhá oiread agus a bhí ann ceithre lá ó shin.

Léiríonn na figiúrí is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte gur 86 ionad altranais atá i gceist anois le hais 40 Dé Sathairn seo caite. 

Tá ardú freisin, de réir na bhfigiúirí, ar an líon oibrithe cúraim sláinte a bhfuil an galar Covid-19 orthu.

1,388 oibrí sláinte a bhfuil sé orthu, sin beagnach an ceathrú cuid den líon daoine ar fad a bhfuil sé tolgtha acu.

Go hoifigiúil, tá an galar ar 5,709 duine sa Stát.