Tuigtear go bhfuil othair atá tinn le Covid-19 á n-aistriú ó aonad dianchúraim Ospidéal Leitir Ceanainn i nDún na nGall go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh le seachtain de bharr brú mór a bheith ar an aonad i Leitir Ceanainn.  

Cé nach raibh siad sásta an méid seo a dhearbhú, dúirt grúpa ospidéal Saolta go n-aistrítear othair idir ospidéil le go gcuirfí an chóir leighis is fearr orthu agus leis an mbrú a bhaint d'aonaid dianchúraim.

I ráiteas a tugadh do RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt siad go bhfuil a phlean féin ag gach ospidéal chun an brú ar na haonaid dianchúraim a bhainistiú le linn na héigeandála sláinte.

Is iad Saolta atá i bhfeighil na n-ospidéal poiblí san iarthar agus san iarthuaisceart.