Dúirt an Dr Colman O'Loughlin ó Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath go bhfuil an t-aonad dianchúraim san ospidéal lán.

Ocht leaba dhéag atá san aonad dianchúraim agus othair le Covid-19 den chuid is mó atá iontu, a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar na dúshláin a bhaineann leis an ngéarchéim sláinte, dúirt an Dr O'Loughlin go bhfuil othair eile atá go dona tinn curtha san aonad ardspleáchais. 

Thar aon rud eile, a dúirt sé, is é an líon foirne an dúshlán is mó atá acu mar go bhfuil altra in aghaidh an othair ag teastáil san aonad dianchúraim. 

Dúirt an Dr O'Loughlin freisin go bhfuil roinnt daoine a bhí san aonad dianchúraim ag scinneadh ón donacht anois agus go bhfuil siad ar ais i ngnáthbhardaí an ospidéil.