Tá cumhachtaí nua sealadacha tugtha do na Gardaí le cinntiú go dtabharfaidh daoine aird an deireadh seachtaine seo chugainn ar na srianta atá i bhfeidhm féachaint le forleathadh an choróinvíris a chosc.

Shínigh an tAire Sláinte Simon Harris an reachtaíocht chuí aréir agus beidh feidhm leis go Domhnach Cásca.

D'fhéadfaí fíneáil agus téarma príosúin suas le sé mhí a ghearradh ar dhaoine a eagraíonn cóisirí, a bhíonn bailithe i ngrúpaí móra nó a théann chuig áiteanna saoire.

Beidh tuilleadh pointí seiceála ag na Gardaí ar fud na tíre i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus beidh siad ar patról in áiteanna cosúil le páirceanna poiblí agus tránna.

Thart ar 2,500 Garda a bheas páirteach san fheachtas.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go gcaithfidh daoine atá ina dtithe saoire cheana féin fanacht iontu le linn dheireadh seachtaine na Cásca.