Dhearbhaigh na húdaráis sláinte tráthnóna go bhfuil 36 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné. Seo an líon is mó a cailleadh in imeacht lae go dtí seo.

Fágann sé go bhfuil 210 duine ar fad básaithe le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann.

Dearbhaíodh tráthnóna freisin go bhfuil 345 cás nua den ghalar ann ó inné. Seo an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó thosaigh an ollráig den choróinvíreas in Éirinn os cionn cúig seachtaine ó shin.

Tá an víreas ar 5,709 duine sa Phoblacht anois. 

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur in oirthear na tíre a bhí 27 den 36 duine is deireanaí a bhásaigh. San iarthuaisceart a bhí seisear agus sa deisceart a bhí triúr.

Fir ab ea naoi nduine dhéag acu agus mná a bhí i seacht nduine dhéag acu. Daoine a bhí trochailte cheana féin ab ea 24 acu. 

Is é 81 bliain aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh.

An Dr Cillian de Gascún

Dúirt an víreolaí an Dr Cillian de Gascún go bhfuil 42,484 tástáil do Covid-19 déanta sa Stát anois agus gur le seachtain a rinneadh 12,271 díobh. 

Dúirt sé gur torthaí deimhneacha ab ea 19% den 12,271 sin. 

Tá 2,000 tástáil á déanamh sa ló faoi láthair, a dúirt sé, ach tá sé mar aidhm 15,000 a dhéanamh sa ló. 

Níos túisce, dearbhaíodh go bhfuil triúr eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 97 duine eile ann ó inné.

73 duine atá básaithe de bharr an ghalair ó thuaidh agus tá 1,255 cás ar fad atá deimhnithe ann.

Fágann sin go bhfuil 283 duine básaithe le Covid-19 sa tír ar fad.