Tá an Rialtas le €15 milliún a chur ar fáil do chomhlachtaí farantóireachta le seirbhísí as Ros Láir agus Baile Átha Cliath a choinneáil ag imeacht as seo go ceann trí mhí ar a laghad.

Is iad na comhlachtaí féin a d'iarr an maoiniú ar an Rialtas mar gheall ar an laghdú mór atá tagtha ar a gcuid gnó le breis agus mí.

Coinneofar cúig bhealach farraige ar oscailt faoi "oibleagáid seirbhíse poiblí." Sin iad Ros Láir-Cherbourg, Ros Láir-Bilbao, Ros Láir-Penfro/Pembróc, Ros Láir- Abergwaun/Fishguard agus Baile Átha Cliath-Cherbourg.

Is iad Irish Ferries, Stena agus Brittany Ferries na comhlachtaí farantóireachta atá i gceist.