Tá triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Tuaisceart. Fógraíodh freisin go bhfuil 97 cás nua den ghalar ann ó inné.

73 duine atá básaithe de bharr an ghalair ó thuaidh agus 1,255 cás ar fad atá deimhnithe ann.

Tá tástáil don ghalar déanta ar 9,158 duine sa Tuaisceart go dtí seo, a deir an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí. 

Is i mBéal Feirste atá an an líon is mó cásanna. 350 cás atá deimhnithe sa limistéar sin. 

Le ceithre huaire fichead, bhásaigh 758 duine eile i Sasana le Covid-19, 74 in Albain agus 19 an Bhreatain Bheag.