Tá géarchéim an choróinvíris tar éis dul i gcion tuilleadh ar fhéile chúltúrtha Ghaillimh 2020.

Tá an chuid is mó d''fhoireann an chomhlachta a bunaíodh leis an bhféile a bhainistiú leagtha as a gcuid oibre go sealadach agus tá deireadh curtha le conradh fostaíochta an té a bhí ina Stiúrthóir Cruthaitheach, Helen Marriage. 

Tá go leor d'ócáidí na féile curtha ar ceal cheana féin agus beidh srianta ar na cinn atá fós le leanacht ar aghaidh. 

Dúirt príomhfheidhmeananch Ghaillimh 2020 Patricia Philbin go bhfuiltear ag iarraidh clár nua imeachtaí a leagan amach agus gur dóichí gur níos moille sa bhliain a bheas siad ar siúl.