Dúirt an Tánaiste Simon Coveney go bhfuil 4,600 Éireannach fillte ar an mbaile ón iasacht ó thosaigh an ráig den choróinvíreas sa tír seo os cionn cúig seachtaine ó shin.

Dúirt sé gur chuidigh 87 ambasáid ar fud an domhain le saoránaigh na tíre seo teacht abhaile. 

Tá daoine eile atá ag iarraidh filleadh ar Éirinn fós sáinnithe thar lear, áfach, a dúirt an Tánaiste. Dúirt sé nach bhfuil eitiltí ar fáil i roinnt tíortha, sin nó tá siad ródhaor. 

Tugadh 4,000 duine abhaile ar eitiltí tráchtála, 500 ar chairteitiltí agus 200 as Peiriú agus an India ar eitiltí príobháideacha, a dúirt sé. 

Thug Simon Coveney le fios go bhfuil an Rialtas fós i mbun iarrachtaí daoine a thabhairt abhaile ón Afraic Theas, ó Vítneam agus ón India.