Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson, a bhfuil an galar Covid-19 air, fós san aonad dianchúraim in ospidéal i Londain.

Dúradh tráthnóna go bhfuil sé tinn ach nach bhfuil sé ag dul chun ainsil. 

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Dominic Raab go bhfuil togha na haire á fháil ag an bPríomh-Aire Johnson atá 55 bliain d'aois.

Níl Boris Johnson ceangailte de mheaisín anála ach tugadh chuig an aonad dianchúraim aréir é ar eagla na heagla, a dúradh.

Tá beannachtaí agus dea-ghuí curtha chuig an bPríomh-Aire ag ceannairí domhanda, an Taoiseach Leo Varadkar ina measc. 

Is é Dominic Raab atá ína cheann feadhna ar Rialtas na Breataine fad is atá Boris Johnson tinn.