Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil sé dhuine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné. Fágann sin go bhfuil 174 duine ar fad básaithe i bPoblacht na hÉireann dá bharr.

Fógraíodh freisin go bhfuil 370 cás nua den ghalar ann ó inné. Tá an coróinvíreas ar 5,364 duine sa Phoblacht anois. 

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur in oirthear na tíre a bhí aon duine dhéag den sé dhuine dhéag is deireanaí a bhásaigh. San iarthar a bhí an cúigear eile.

Fir ab ea deichniúr acu agus mná a bhí sa seisear eile. Bhí an tsláinte go dona ag ceathrar acu cheana féin. 

Níos túisce, dearbhaíodh go bhfuil seachtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 69 duine eile ann ó inné.

70 duine atá básaithe de bharr an ghalair ó thuaidh agus tá 1,158 cás ar fad atá deimhnithe ann.

Fágann sin go bhfuil 244 duine básaithe le Covid-19 sa tír ar fad.

Is é 81 bliain aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh sa Phoblacht go dtí seo agus is é 49 aois airmheánach na ndaoine ar fad a tholg an coróinvíreas.

Fireannaigh ab ea 114 den 174 duine a cailleadh go dtí seo agus baineannaigh a bhí sa trí scór eile.