Tá paráidí na nOráisteach a bhíonn ar bun gach bliain ar 12 Iúil sa Tuaisceart curtha ar ceal i mbliana mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris. 

Bíonn paráidí móra i seacht n-áit déag sa Tuaisceart agus i Ros Neamhlach i nDún na nGall.

Dúirt Ard-Mháistir an Oird Oráistigh in Éirinn Edward Stevenson cé go bhfuil díomá ar na baill faoin gcinneadh, go ndéanfar iarracht Cath na Bóinne a cheiliúradh ag tráth éigin eile amach sa bhliain.

Dúirt sé nach é seo an chéad uair a cuireadh na paráidí ar ceal.

Ní raibh aon pharáidí ar siúl le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda ná aimsir an Fhliú Spáinnigh.