Tá 507,000 duine a chaill a gcuid post mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris ag fáil an liúntais €350 sa tseachtain atá tugtha isteach ag an Rialtais, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.  

Sin ardú mór ar an 283,000 duine a bhí ag fáil an liúntais seachtain ó shin. 

Tá an íocaíocht le fáil ag oibrithe agus ag daoine féinfhostaithe nach raibh aon obair acu ó 13 Márta de thoradh na géarchéime sláinte. 

544,000 duine a chuir isteach ar an liúntas go dtí seo ach níor ceadaíodh é do gach duine acu ar chúiseanna éagsúla. 

Tá 205,000 duine eile ag fáil an ghnáthliúntais dífhostaíochta €203 sa tseachtain.