Tá Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ag iarraidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chinntiú go gcaitheann altraí agus mná cabhrach masc cosanta an t-am ar fad agus iad i mbun a gcuid oibre. 

Dúirt ardrúnaí an Chumainn Phil Ní Sheaghdha gurb é an tosaíocht a tugadh do thástáil altraí san Áise agus do threalamh cosanta pearsanta a chur ar fáil dóibh a thug slán go leor sa Domhan Thoir. 

Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh Phil Ní Sheaghdha freisin go bhfuil baill den Chumann ag íoc suas le €110 sa ló ar sheirbhísí cúraim leanaí. Cháin sí an Rialtas faoin moill atá ar sheirbhís ar leith a chur ar fáil d'oibrithe cúraim sláinte. 

Dúirt sí gur tarraingíodh aird ar an bhfadhb seo ceithre seachtaine ó shin agus go bhfuil sé thar am anois í a réiteach.