Tá bás fir a hionsaíodh i gCarraig na Siúire, Co Thiobraid Árann, arú aréir á fhiosrú ag na Gardaí. 

Tuigtear gur sádh an fear in árasán ar an mbaile ag thart ar 11.30 oíche Dé Sathairn. Bhí sé os cionn 40 bliain d'aois agus b'as an Laitvia é ó dhúchas. 

Tugadh chuig Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge é agus é an-dona tinn. Bhásaigh sé ansin go moch ar maidin inniu. 

Tá fear os cionn 40 bliain gafa agus á cheistiú faoin ionsaí ag stáisiún Gardaí Chluain Meala. Tuigtear gur de bhunadh na Liotuáine é.