Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfadh Fine Gael and Fianna Fáil cáipéis a dhréachtú an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn maidir le comhrialtas a bhunú.

Chomh luath agus a d'aontófaí an cháipéis, a dúirt sé, lorgódh an dá pháirtí tacaíocht ar cheachtar acu an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre nó na Daonlathaithe Sóisialta. 

Mhaígh Leo Varadkar go bhfuil rialtas a mhairfeas ceithre nó cúig bliana ag teastáil, rialtas a fhéadfas dul i dtreis le géarchéim an choróinvíreas agus an tír a chur ar ais ar a bonnaibh nuair a bheas sé thart, mar a dúirt sé. 

Bhí cruinniú eile ag Fine Gael agus Fianna Fáil tráthnóna agus dúirt ionadaithe ón dá pháirtí ina dhiaidh go raibh sé "dearfach" agus go mbeidís ag caint le chéile arís as seo go ceann roinnt laethanta.