Deimhníodh tráthnóna go bhfuil ceithre dhuine dhéag eile tar éis bháis leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 85 duine ar fad básaithe anois dá bharr. 

Fógraíodh freisin go bhfuil an coróinvíreas ar 212 duine eile ó inné. Tá an víreas tolgtha ag 3,447 duine sa Phoblacht anois. 

In oirthear na tíre a bhí deichniúr den cheithre dhuine dhéag is deireanaí a bhásaigh. Sa deisceart a bhí an ceathrar eile. 

Fir a bhí i leath acu agus mná a bhí sa leath eile. Bhí tinnis eile ag dul d'ochtar acu.

Fógraíodh níos túisce go bhfuil beirt eile tar éis bháis le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 103 cás nua ann.