Tá beirt eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Tuaisceart agus tá 103 cás nua ann. 30 duine atá básaithe dá bharr ó thuaidh anois agus 689 cás ar fad atá deimhnithe ann.

Fógraíodh tráthnóna gur bhásaigh 563 duine sa Bhreatain leis an ngalar idir an Luan agus an Mháirt.  

Seo an chéad uair a bhásaigh níos mó ná 500 duine in imeacht lae. 

Suas go dtí 5 a chlog tráthnóna inné, 2,352 duine a bhí básaithe de bharr an choróinvíris sa Bhreatain ó thosaigh an ollráig.  

Tá sé tugtha le fios ag na húdaráis thall go bhfuil a gcuid deacrachtaí féin acu infreastruchtúr tástála a bhunú agus gur údar mór imní é a laghad tástálacha atá déanta ar oibrithe cúraim sláinte.