Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeidh moill ó am go ham ar thástálacha don ghalar Covid-19 sa tír seo mar gheall ar ghanntanas trealaimh. 

Tá leithscéal gafa ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine atá ag fanacht tamall fada le torthaí a dtástálacha. 

Níos túisce, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dóigh go mbeidh sé thart ar dheich lá eile sula mbeidh sé d'acmhainn ag saotharlanna tástála ar fud na tíre seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.

Ag preasócaid tráthnóna, dheimhnigh oifigeach sinsearach i Roinn an Taoisigh nach bhfuil gach ionad tástála sa tír oscailte inniu.

Dúradh, ina dhiaidh sin féin, go bhfuil dóthain acu oscailte le freastal ar an éileamh.  

Buaileadh tinn Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan aréir agus tugadh chuig Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath é, mar a ndearnadh scrúdú leighis air.

Níl aon bhaint ag an donacht le Covid-19 agus dúirt an Dr Holohan go raibh súil aige dul ar ais ag obair go luath.