Bhásaigh 864 duine sa Spáinn le Covid-19 le ceithre huaire fichead, an líon is mó in imeacht lae sa tír sin go dtí seo. 

Fágann sin go bhfuil 9,053 duine básaithe leis an ngalar sa Spáinn ó thosaigh an ráig.

102,136 cás den ghalar atá deimhnithe sa Spáinn le dhá mhí ach deir na húdaráis sláinte ansin go bhfuil ráta fáis na gcásanna nua ag moilliú. 

San Iodáil atá an líon is mó daoine a bhásaigh le Covid-19. Faoi thráthnóna inné,12,428 duine a bhí caillte ann dá bharr.