Tá tuilleadh sonraí faoi na daoine a bhásaigh sa Stát leis an ngalar Covid-19 eisithe ag na húdaráis sláinte. 

71 duine atá básaithe leis an ngalar go dtí seo agus bhí tinnis eile ag dul do 54 acu.

Bhí 83% díobh os cionn 70 bliain d'aois agus in oirthear na tíre a bhí a ndá dtrian. 

Fireannaigh ab ea 53 den dream a cailleadh agus baineannaigh ab ea 19 díobh. 

3,235 cás den ghalar a tuairiscíodh go dtí seo. Is i mBaile Átha Cliath atá 1,487 (55.5%) de na cásanna. I gCorcaigh atá an líon is mó ina dhiaidh sin - 238 (9%). 

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tugadh 124 duine go dtí aonaid dianchúraim. 

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dóigh go mbeidh sé thart ar dheich lá eile sula mbeidh sé d'acmhainn ag saotharlanna tástála ar fud na tíre seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí ag an Rialtas - cosúil le gach rialtas eile - teacht ar an ábhar atá de dhíth le tástálacha a dhéanamh.

Ina dhiaidh sin féin, a dúirt sé, tá na húdaráis sláinte ag déanamh gach ar féidir leo le líon na dtástálacha ar dhaoine sa tír seo a mhéadú. 

Tá sé deimhnithe ag RTÉ go ndearnadh tástáil ocht lá ó shin ar dhuine in ionad altranais a bhásaigh aréir ach nach raibh na torthaí faighte fós.