Deir grúpa saineolaithe sláinte sa tír seo nach bhfuil dóthain rialacha sláinteachais i bhfeidhm in ollmhargaí le scaipeadh an choróinvíris a chosc. 

Maíonn Gréasán Sláinte Dhomhanda na hÉireann cé go bhfuil cúrsaí sláinteachais feabhsaithe in ollmhargaí le roinnt laethanta go bhfuil cleachtais éagsúla i bhfeidhm ó áit go háit.  

De réir treoirlínte atá eisithe ag an eagraíocht, ba cheart do chustaiméirí earraí a bhaint den tseilf lena láimh is laige, íocaíocht gan tadhall a dhéanamh agus gan a lámha a leagan ar aon dromchla.   

Ba cheart do shiopadóirí freisin, a deir siad, earraí a chuimilt le ceirt ghlan nuair a théann siad abhaile. 

Molann na saineolaithe d'ollmhargaí chomh maith tralaithe, ciseáin agus na gléasanna airgid ag an scipéad a ghlanadh go rialta.  

Dúirt urlabhraí na heagraíochta Niall Roche gur féidir leis an gcoróinvíreas maireachtáil ar ábhar plaisteach agus ar chruach dhosmálta ar feadh suas le 72 uair a chloig agus ar chairtchlár ar feadh 24 uair. 

Ina fhianaise sin, a dúirt sé, ba cheart d'ollmhargaí na cleachtais atá i bhfeidhm in ionaid sláinte a thabhairt isteach iad féin, ar mhaithe le daoine leochaileacha go háirithe. 

Tá an leagan Gaeilge de leabhrán eolais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  maidir le Covid-19 ar fáil anseo