Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le moladh nach mbeadh cead ag oibrithe sláinte áirithe a bheith in aontíos mar chuid de na hiarrachtaí srian a chur le forleathadh an choróinvíris.
Cuirfidh an Stát lóistín eile ar fáil d'altraí agus d'oibrithe sláinte eile a chaithfeas imeacht as a n-áit chónaithe, a dúradh.
D'iarr Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ar an Rialtas cúram leanaí a chur ar fáil láithreach d'oibrithe sláinte a bhfuil leanaí acu le gur féidir leo dul ag obair.
Ní féidir le roinnt dochtúirí agus altraí dul ag obair ó dúnadh na scoileanna agus na naíolanna.
Níl cead ag gaolta níos sine aire thabhairt dá leanaí de réir treoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.