Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil seacht nduine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát. Fágann sin go bhfuil 71 duine ar fad básaithe anois dá bharr. 

Dearbhaíodh freisin go bhfuil an coróinvíreas ar 325 duine eile.  Tá an víreas tolgtha ag 3,235 duine sa Phoblacht anois. 

Tá seisear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Tuaisceart ó inné. 28 duine ar fad atá básaithe ann dá bharr.

Tá 53 cás nua ann chomh maith. Fágann sin gur 586 cás atá sa Tuaisceart.