Tá níos mó daoine tar éis bháis leis an ngalar Covid-19 sa Spáinn le ceithre huaire fichead ná aon lá eile ó thosaigh an ráig sa tír sin. 

849 duine a cailleadh sa Spáinn ó inné agus 8,189 duine ar fad atá básaithe ansin le Covid-19 ó dearbhaíodh an chéad chás sa tír beagnach dhá mhí ó shin. 

Dúirt uachtarán an Euroghrúpa Mario Centeno go bhféadfadh deireadh teacht leis airgeadra aonair mura dtiocfaidh tíortha limistéar an euro ar phlean éigeandála eacnamaíochta le teacht i gcabhair ar an Iodáil agus an Spáinn. 

Is iad an Iodáil agus an Spáinn is measa san Eoraip atá buailte ag géarchéim an choróinvíris agus tá siad i measc na dtíortha is mó i limistéar an euro a bhfuil fiacha as cuimse orthu.  

Tá an Ghearmáin agus an Ísiltír ag cur in aghaidh an mholta na fiacha sin a roinnt go cothrom ar thíortha uile an euro.