Tá cead tugtha do mharglanna na tíre bealaí a chur ar fáil d'fheirmeoirí beostoc a dhíol de réir socruithe atá déanta leis an Roinn Talmhaíochta.

Socraíodh aréir go mbeidh marglanna na tíre in ann roinnt seirbhísí teoranta a chur ar fáil.

Cuirfidh na marglanna daoine atá ag díol agus ag ceannacht i dtreo a chéile mar is cuí, meáfaidh siad an t-ainmhí agus déanfaidh siad maoirseacht ar an margadh a dhéanfas siad.

 Ní bheidh aon cheant poiblí ann agus ní bheidh aon chead ag sluaite a bheith i láthair ach an oiread. 

Dúnadh marglanna an tseachtain seo caite, tráth bliana a mbíonn díol go leor á dhéanamh, mar gheall ar imní faoi fhorleathadh an ghalair Covid-19.