Tá 10 nduine eile marbh ag Covid 19 i bPoblacht na hÉireann.

Fágann an figiúir is deireanaí seo 46 ar fad básaithe.

I ráiteas a d'eisigh an Roinn Sláinte thart ar 1830, dhearbhaigh sé freisin go bhfuil 200 cás nua aimsithe.

2,615 duine ar fad atá tar éis an víreas a tholg i bPoblacht na hÉireann anois.

Tá 546 díobh sin curtha chuig an ospidéal, 77 chuig aonad dianchúraim.

Baineann 506 cás den víreas seo le hoibrithe sláinte.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris gur díol imní dó líon na gcásanna atá ag teacht chun cinn i dtithe altranais.

Seisear eile atá básaithe i dTuaisceart Éireann; fágann sin 21 duine ar fad.