Cuireadh stop leis an tástáil do víreas Covid 19 i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh mar gur ritheadh amach as fearais tástála.

Dhearbhaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) an méid seo tráthnóna.

'Díol imní é seo' a dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí sláinte, Louise O'Reilly.

An Teachta Dála le Sinn Féin Louise O'Reilly

Dúirt sí gur chóir don Rialtas a chinntiú anois go mbeidh fáil ag baile ar na fearais seo, in áit a bheith á n-iomportáil.

'Is í an phríomhtheachtaireacht ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ná'n  tástáil' a dúirt teachta Shinn Féin.

Luaigh sí an Ghearmáin mar shampla, tír a bhfuil ráta ard tástála aici agus ráta íseal báis.

Fearais tástála don víreas corónach

'Is díol imní freisin' a dúirt sí 'a laghad trealamh cosanta atá ann go dtí seo d'oibrithe sláinte'.

Dhá réir, d'iarr sí ar an Rialtas anseo labhairt le comhlachtaí fearais leighis lena chinntiú gur féidir soláthar cuimsitheach de na táirgí seo a bheith sa tír in uair seo na géarchéime.

Luaigh sí go sonrach 'Abbot Laboratories', an comhlacht Meiriceánach a bhfuil 3,000 duine fostaithe aige ar 9 láthair éagsúla in Éirinn agus a bhfuil pleanáilte aige 50,000 fearas tástála a tháirgeadh le cur chun na Stát Aontaithe.

'Tá an comhlacht Randox, atá lonnaithe in Aontroim ag déanamh an-dul chun cinn freisin' a dúirt Louise O'Reilly, 'agus ba cheart don Rialtas a bheith i dteagmháil leis'.