Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, An Dr.Tony Holohan gur cheart dóibh siúd os cionn 70 bliain d'aois, chomh maith le daoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu féinleithlisiú, nó coinneáil acu féin an oiread agus is féidir.

Bhí an Dr.Holohan ag labhairt ar an gclár raidió 'This Week' ina ndúirt sé gur chreid sé go raibh 'an víreas sa phobal agus go gcaithfí é a dhíbirt amach as'.

An féinleithlisiú mar atá sé ag fear amháin

'Tá súil againn go n-éireoidh linn líon na gcásanna Covid 19 a laghdú go suntasach sa choicís atá romhainn' a dúirt sé.

Dúirt sé freisin áfach go raibh 'na cásanna ag ardú i gcónaí faoi láthair'. 

'45 an meánaois a dtolgtar an víreas' a dúirt sé, '80 an meánaois i dtaca le líon na gcásanna báis'.