Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go gcaithfidh daoine a bheith faoi réir do thuilleadh crá croí i dtaca le géarchéim an Covid 19.

Dúirt a cheannasaí, an Dr.Christian Lindmeier go mbeidh breis cásanna ann sna seachtainí agus sna míonna romhainn.

Dúirt sé áfach gur díol imní dó a laghad fearais chosanta atá ann d'oibrithe sa chóras sláinte atá ag déileáil le hothair chuile lá a bhfuil comharthaí sóirt an víris seo acu.

'Tá an WHO' a dúirt sé 'tar éis 2m fearas cosanta PPE a sheoladh chuig 74 tír, agus é faoi réir le beartanna a chur chomh fada le 60 tír eile de réir mar a theastaíonn siad'.