D'iarr Cathaoirleach an tSeanaid,Denis O'Donovan ar na hiarrthóirí i dtoghchán an tSeanaid gan freastal ar an gcomhaireamh toghchánaíochta a thosóidh  i gCaisleán Bhaile Átha Cliath amárach.

Dúirt an tUasal O'Donovan go gcreideann sé gur cheart an comhaireamh a reachtáil go príobháideach, gan aon duine a bheith i láthair ach de réir mar a theastaíonn.

An chontúirt maidir le Covid 19 ar ndóigh a thug ar Denis O'Donovan an ráiteas a dhéanamh.

60 suíochán atá le líonadh sa Seanad

60 suíochán atá le líonadh sa Seanad, toghtar 49 seanadóir tríd an gcóras toghchánaíochta.

Tosóidh an comhaireamh amárach ag 12 Meánlae, agus críochnóidh sé ar an Aoine díreach roimh 6 i.n

Is faoin Taoiseach a bheas sé an 11 seanadóir a ainmniú.

Caithfear an Seanad a chur i dtoll a chéile gan mhoill, ionas gur féidir beannacht a thabhairt d'aon reachtaíocht.