Is í tuar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) gur dóigh leis gur idir 10-14 Aibreán a fheicfear buaicphointe Covid 19 anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid áfach nach féidir a rá go cinnte cén uair a bheidh an bhuaic.

Dúirt sé freisin gur dóigh leis go mbeidh ospidéil faoi bhrú suntasach sna seachtainí atá romhainn, agus go raibh oibrithe sláinte an-neirbhíseach.

D'iarr an tUasal Reid arís ar an bpobal na srianta éigeandála atá i bhfeidhm a leanacht, ag rá 'go sábhálfar beatha agus go ndéanfaidh sé difríocht mhór'.

Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid

Bhí sé ag labhairt ag Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath, ag tabhairt eolais laethúil ar ghéarchéim an Covid 19.

Tá an t-óstán sin ar cheann d'ionaid sealadach féinleithlisiú anois ar fud na tíre, agus beidh sé ina ionad cúltaca freisin.

Tá 750 seomra agus 1,100 leaba san óstán, agus beidh sé ann do dhaoine a tholgann an víreas, nach bhfuil ar a gcumas féinleithlisiú a chleachtadh sa bhaile.

Tá ionad na comhdhála freisin san óstán á úsáid, 450 leaba atá ansin do dhaoine atá ag teacht chucu féin ón víreas. 

Inné, dhearbhaigh an Roinn Sláinte go bhfuil  2,415 cás den Choróinvíreas anseo, agus go bhfuil 36 duine básaithe dá bharr.